Mossie's backyard
muiris o scanlain
home
sean nos
gigs
mossie's story
sceal mhuiris
photo gallery
reviews out
CDs
links


 Dónal Mac an T,Síthig 

Seoladh Gan Teorainn / No Boundary

Seo mar a labhair Domhnall Mac Síthigh agus é ag seoladh dlúth dhiosca Mhuiris Uí Scannláin ‘Gan Teorainn / No Boundary i dtábhairne Bheaghlaoich, Bhaile na nGall ar an Satharn 16ú Iúil 2005.

Fáiltím romhaibh go léir anseo anocht go dtí tábhairne Uí Bheaghlaoich

i mBaile na nGall. Fáiltím roimis Muiris Ó Scannláin atá tagaithe chughainn abhaile ó Mhelbourne na hAstráile agus an tarna dlúth dhiosca leis dá’r teideal ‘Gan Teorainn/No Boundary’ ar bord aige gur tugadh mar onóir domsa é sheoladh anseo anocht. Oíche speisialta, oíche faoi leith é seo do Mhossie agus fáiltím roimis a mhuintir, a ghaolta, a chairde, a chomharsain, a chomhámhránaithe agus a lucht leanúna. Fáiltím leis roimis na turasóirí a thagann inár measc go rialta go bhfhuil meas acu ar agus suim acu inár nósanna agus inár gcultúr.

Saolaíodh, tógadh agus mhair Jim Risteárd Mac Eoin furmhór mór a shaoil i mBaile Chnocáin, Paróiste Mórdhach. Rinnceoir, ceoltóir ab ea é agus bhí dúil in amhráin aige.Thugtaí an Ponncán air. D’imigh furmhór do chlann an Phonncáin go Meirice. Duine acu san ab ea Ritch an PhDónal_Mac_an_TSíthig_onncáin a bhí áirithe mar árd amhránaí. Sa bhliain 1906, Bliain na bPleidgeanna, nuair a bhí Ritch an Phonncáin oíche i dtigh tábhairne an Bhóthair, chuala sé Peaidí Mhicil ó Beaglaoich ag casadh an amhráin An Grá Beo. Bhí an t-amhrán eile An Grá Marbh leis aige. Bhí dúil san amhrán aige Ritch agus d’imigh sé féin agus beirt bhuachaillí eile ó’n mbaile go dtí tigh Pheaidí an oíche ina dhiaidh sin. Bhearr duine acu an ruaimneach d’eireaball agus do mhuing chapall Pheaidí ach  phriocadar suas an t-amhrán eatarthu Chuaigh Ritch an Phonncáin go Meirice i 1911 agus d’oibrigh sé sna mianaigh copair i mButte ar feadh chúig mbliana. Chuir sé aithne ansúd ar fhile Bhuí Bhéarra, Seán ó Súilleabháin. Chuaigh Meirice isteach sa chogadh i 1917  agus bhí fearaibh ag dul thall is abhus ag seachaint an airm. D’fhág Ritch, Butte i 1917 agus níor dhein sé aon stop gur bhain sé amach San Francisco marar chuir sé aithne ar fhile Árd na Caithne, ‘An Spailpín.’ Do mheabhraigh sé agus do thug sé leis ina cheann mórán d’amhráin ‘An Spailpín’, amhráin ar nós Caoineadh Thomáisín Mhichíl agus Caoineadh Mhichíl Bhudhlaeir. Báthadh Mícheál Bhudhlaeir i gCuan Árd na Caithne i 1910 agus cailleadh Tomáisín Mhichíl ó Muircheartaigh ina fhear óg gur fhág sé bean agus muirear óg ina dhiaidh. Ó Árd na Caithne ab ea an bheirt acu, comharsain do’n ‘Spailpín’. Chaith Ritch trí bliana i San Fracisco ach bhain sé amach Nua Eabhrach sa bhliain 1920 marar chuir sé aithne ar Phádraigh Feirtéar ó’n mBaile Uachtarach, an scoláire agus an bailitheoir mór béaloideasa. Bhí an Feirtéarach ana ghníomach i gCogadh na Talún sa cheanntar seo sarar chuaigh sé go Meirice. Phrioc Ritch suas a thuilleadh seana amhráin uaidh seo sa t-slí dhuit go raibh stór mór amhráin istigh ina cheann aige. B’é an chéad cheist a chuir a athair, An Ponncán air nuair a thug sé turas abhaile ná an mbuail sé le Piostal Chathaoir. Mac do Chathaoir ó Séaghdha file a bhí I gCarachán, Paróiste Mórdhach ab ea Piostal Cathaoir agus bhí sé áirithe ar an rinnceoir ab fhearr taobh thiar do Dhaingean Uí Chúise an uair sin. Do sheinnfeadh sé an fheadóig leis. Do bhuail Ritch leis i Holyoke agus é ana chríonna an uair sin. B’shin é Ritch an Phonncáin agus an dúil a bhí aige sna h-amhráin, an ceol agus an steipeadaíl.

Sinseanathair do Mhuiris ó Scannláin ab ea an Ponncán agus seanuncail do ab ea Ritch an Phonncáin. B’shin mar a bhí an dúil, an mianach agus dúchas na n-amhrán sa bhfhuil aige Muiris agus é ina bhuachaill óg. Ní raibh sé ach deich mbliana d’aois nuair a sheasaíodh sé taobh amuigh do fhuinneog thabhairne an Bhóthair ag éisteacht leis an gceol agus na h-amhráin istigh, leithéidí Seán Donnellssss ar an mileodian, amhránaithe mar Jimí Thaidhg ó Beaglaoich, Téidí Flaitheartaí ó Bhaile Breac, Clib Mharas Sheáin Chanair ó Bhaile Uí Churráin. Amhráin mar ‘An Ciarraíoch Mallaithe’, ‘Raghadsa agus mo Cheaití’, ‘Mo Róisín Dubh’, ‘Beir mo Dhúthracht Go Dúthaigh Duibhneach’, ‘Gentle Annie’ agus a lán eile á shéideadh suas acu. Bhíodar le clos arís sa bhaile aige óna athair críonna Peats Phaid ó Muircheartaigh, ó na úncailí Teonaí agus Páid agus ó na aintín Cáit atá go bríomhar ceolmhar fós i Hartford Mheirice agus í ag fáscadh suas ar deich mbliana agus cheithre fichid, bail ó Dhia uirthi. Chuaigh Muiris ar thóir na n-amhrán le fonn, le fuinneamh agus le dúthracht agus thug sé leis iad. Ina theannta san d’aimsigh sé cúlra an amhráin, an stair, an seanchas, an foinse as ar tháinig na focail cumhtha. Tuiscint ar chúlra an dáin déanta a dheineann sár amhránaí don amhránaí. Sin é a thugann an fuinneamh, an bheocht, an cur chuige agus an teacht aniar do Mhuiris ó Scannláin.Cuireann sé a chroí agus a anam isteach san amhrán. Cuireann sé úll na scórnaí ag corraí ionainn. Bogann sé ár mothúcháin agus árdaíonn sé ár meanmain. Baineann sé an tocht, an t-uaigneas, an dubhrón agus an duairceas do chroíthe na ndaoine. Tá leigheas ann. Tá cneasú i mbinneas agus I dtríreacht a ghutha. Ta daoine de shíor ag dul ina threo, ag bailiú timpeall air, ag éisteacht lena chumas amhránaíochta agus lena mheon uasal cainte agus gura fada go mbeidh sé amhlaidh.

Tar éis imirce fada tháinig Mossie chughainn abhaile dhá bhliain ó shoin agus ní folamh leis a tháinig sé ach dlúth dhiosca nua glan dá chuid amhráin, ‘Téanam Ort,’ ar bórd aige. ‘Sé seo an tríú turas aige le dhá bhliain anuas agus an tarna dlúth dhiosca dona thuilleadh dá chuid amhráin,’Gan Teorainn/No Boundary ar láimh aige. Amhráin seanóis, amhráin traidisiúnta Éireannach, Albannach, Astrálach le ceol Gaelach, Albannach agus jembe na hAifrice tríd síos. ‘Sí an seoid ealaíne seo de dhlúth dhiosca, ‘Gan Teorainn/No Boundary’ atáimíd ag ceiliúradh anseo anocht.

Déanfad cur síos anois ar chuid bheag dos na h-amhráin seo. An chéad amhrán atá aige ná ‘Beir Beannacht ó Rí na hAoine.’ Deirtear gurbh é Tadhg Gaelach ó Súilleabhán a chum an t-amhrán so a bhíodh á chanadh go minic ag muintir an Bhlascaoid. Bhíodh sé coitianta aige Seán de hóra agus Dálach mná ó Inis Mhic Fhaoláin ab ea máthair Sheáin. Cheannaigh Tom, beannacht Dé leis, athair Mhossie bó ó Sheán de hÓra. Chuaigh an bheirt acu go Cloichear de shiúl na gcos ag triall ar an mbó agus Mossie ina bhuachaill óg an uair sin. Chaith Tom leath an lae ag caint le Seán. Shiúladar an bhó ó Chloichear go Baile an Lochaig. Bó dhearg ab ea í le spotaí bána inti agus chrúdh Mossie go minic í agus é ag cleachtadh a chuid amhráin san am chéanna. Bhí sé ag fás aníos i dtosach na ngéaga an uair sin agus nithe móra á thaibhreamh do. Bhíodh sé ag cuimneamh ar hallaí rince, ar stáitsí, ar árdáin agus ar Carnegie Hall. Ní raibh aon chóras fuaime ná teacht ar sa cheanntar an uair sin ach bhí a bplean fhéin aige daoine mar a raibh ba bainne agus teainceanna. Is síos isteach i dteainc folamh an bhainne a bhíodh Mossie ag séideadh a chuid amhráin chun go gcloisfeadh sé an fhuaim agus an macalla ag éirí aníos timpeall air. Bhí ag éirí go breá leis nú gur thóg a athair lá é le barra na bróige agus gur chuir sé é fhéin agus an teainc tóin thar ceann timpeall an bhuaile. Má tá níor chloíg san an fear óg agus lean sé leis na h-amhráin.

Amhrán breá eile anseo, ‘On Raglan Road’ a chum Patrick Kavanagh mar gheall ar bhean álainn dathúil Hilda Moriarty ó Dhaingean Uí Chúise. Amach as an gCom Beag i mBaile an Lochaigh a tháinig a sinsear. B’é Luke Kelly a chan ar dtúis é agus thug an file cead do ar choinníoll go gcuirfeadh sé an t-aer ‘Le Fáinne Geal an Leis’ leis. Chonaic Mossie Luke Kelly agus na ‘Dubliners’ do’n chéad uair ag amhrán sa tábhairne seo nuair a bhí sé cúig nú sé déag do bhlianta. Isteach tríd an bhfuinneog a bhí sé ag féachaint orthu.’Is mór an trua Mhuire go gcaithfidh éinne an ceanntar álainn seo a fhágaint,’ adúirt sé leis féin.

A dhriotháir Benny ba ghiorra in aois do Mhossie i muirear mór de dhá dhuine dhéag. D’fhásadar suas le chéile agus d’oibríodar sa cheanntar so le chéile. Thugadar bliain nú dhó i gcabhlach na hÉireann le chéile. Mhaireadar agus shaothraíodar i bhfochair a chéile i Sasana ar feadh ceathair nú cúig de bhlianta. Tá an t-amhrán grá Albannach ‘The Rose of Allandale’ tiomnaithe aige dá dhriotháir Benny mar bhuíochas do as an mbuancharadas san.

Is amhrán traidisiúnta Astrálach é ‘Andy is gone with Cattle’ a chum an file iomráiteach Henry Lawson. Tá an t-aon mhac imithe ag tiomáint tread stoic trí chríocha na hAstráile agus tá a mhuintir sa bhaile go trom chríoch agus go h-uaigneach mar ceapann siad ná fillfidh sé choíche.

Tá amhrán scoile, Báidín Fheilimí tiomnaithe aige do Scoil Naomh Eirc, Baile an Mhórdhaigh mar is ins an scoil sin a fuair sé a chuid oideachais agus d’fhoghluim sé an t-amhrán so ann agus amhráin eile ós na múinteoirí, Nóra Ní Shéaghdha agus Caoimhín ÓCinnéide.’Coimeád suas an Ghaelainn’ a deireann sé le leanaí na scoile sin. Tá ard mholadh leis tuillte ag ceoltóirí na h-áite seo as a gcuid ceoil ar an ndlúth dhiosca so agus sin iad Pádraig agus Michelle Uí Shéadhgha agus Jon Saunders.

Sa chéad dlúth dhiosca, ‘Téanam Ort’ do ghluaiseamair leis an t-amhránaí ar fuaid thalamh na h-Éireann agus críocha na h-Ástráile agus táimíd arís ag taisteal ina theannta sa dhlúth dhiosca seo, ‘Gan Teorainn/No Boundary. Níl aon laincis ná greim ar ár dteangain. Is féidir linn an Ghaelainn a labhairt agus amhráin seanóis a chanadh pé áit ar domhain ina bhfuilimíd. Níl aon teorainn ag cur bac orainn. Tá saoirse iomlán againn. Mar a deir sé féin, ‘ná ligimis uainn an Ghaelainn ná ár n-oidhreacht go deo in Éirinn nú pé áit eile a seolfar sinn mar go cinnte níl aon teorainn léithi.

Ba mhaith le Mossie a bhuíochas a chur in iúil dos na daoine seo a leanas atá ag cabhrú leis, ag tacú leis agus atá de shíor á spreagadh. Siad san ná, Jeaic Ó Muircheartaigh, RTÉ Radio na Gaeltachta; a bheirt dhriféar, Caitlín agus Annemaria; Pádraig agus Michelle Uí Shéaghdha, Jon Saunders; a dhlúth chara i Melbourne, Criostóir Ó Maonaigh ó’n Árd Mhór, Co.Phortláirge agus ar deireadh dá bheanchéile Marie agus dá mbeirt mac, Paul agus Seán. ‘Sé Muiris Ó Scannláin féin a chuir an dlúth dhiosca so lé chéile agus a chuir ar an margadh é. Tá amhráin seanóis agus amhráin traidisiúnta curtha ar fuaid an domhain aige. Tá leis Baile an Lochaigh curtha tharnais ar an mapa aige. Leis sin a dhaoine uaisle fógraím an dlúth dhiosca so ‘Gan Teorainn/No Boundary’ le Muiris Ó Scannláin seolta séidte agus ar mhargadh an domhain mhóir. Táim buíoch díbhse as éisteacht liom.

return to reviews