Mossie's backyard
muiris o scanlain
home
sean nos
gigs
Mossie's Story
sceal mhuiris
photo gallery
reviews
Cds
links
 

Oidhreacht na Gaolainne | Comharsanacht Traidisiúnta | Eisimirce | Oidhreacht á Roinnt
Filleadh ar an nGaolainn | Amhráin | Ag Dul Abhaile

 Scéal Mhuiris

me fein agus mike daneen o se
Mé Féin Agus Mike Daneen Ò Sè
Sa Ghailimh

Rugadh mise i mBaile an Lochaigh, baile beag i nGaeltacht Chorca Dhuibhne fé bhun Chnoc Bhrandáin, an cúigiú mac de thrí dhuine déag chlainne, deichniúr garsúin is triúr chailíní.

Tógadh suas sinn ar feirm bheag 30 acra. Sí an Ghaolainn a bhí á labhairt againn mar ghnáththeanga ar fud na háite, cé go mbíodh ceacht beag i mBéarla againn i scoil Naomh Eirc. Ní raibh aon teagbháil mór againn leis go bhfágamar an baile nó b'fhéidir anois is arís nuair a thagadh stróinséir chugainn gan Gaolainn, agus cathfad a rá nuair a scaramar leis an mbaile don chéad uair thóg sé tamall sar a rabhamar compordach leis an mBéarla.

Oidhreacht na Gaolainne

Bhíos sáite i gceol agus i gcultúr na Gaolainne ón gcliabhán. Ar thaobh mo mháthair, muintir Uí Mhuircheartaigh, bhí traidisiún láidir na n-amhrán Gaolainne againn le fada siar. I measc laochra m'óige bhí m'áintín Cáit agus m'uncailí Páid, Tony agus Maidhc Pheats Phaid; chuadar go léir i bhfeidhm go mór orm lena gcuid amhrán traidisiúnta. Is cuimhin liom go maith nuair a thagadh m'áintín Cáit abhaile ó Mheiriceá, thagaidís go léir le chéile inár dtighne go minic agus ba mhór an sásamh a bhainimís as na hamhráin agus an ceol breá a bhíodh acu, an chuid is mó acu as Gaolainn. bàr

Comharsanacht Traidisiúnta

mossie with lex paton
Concertina Player Lex Paton and I discussing my trip.

Ag féachaint siar ar laethanta m'óige, ba dhóigh leat go raibh amhrán nó cúpla puirt ar an mbosca cheoil ag gach aon duine den gcomharsan, san am sin, dá nglaofaí orthu. Ba ghnáth do dhaoine an uair sin a n-amhráin féin a bheith acu. Is maith is cuimhin liom Tadhg Ó Flathartha, seanfhear agus amhránaí den chéad scoth. Ní rabhas níos mó ná deich mbliana d'aois nuair a chuala Tadhg ag canadh Róisín Dubh don chéad uair ach cuimhneód go deo air.

Bhí amhránaithe, ceolteoirí traidisiúnta agus seanchaithe den chéad scoth sa dhúthaigh ag an am (agus tá fós, bail ó Dhia orthu) agus bhí clú agus cáil orthu ar fud an chontae agus i bhfad i gcéin. An-chainteoir ab ea m'athair féin, Tomás 'Fionn' Ó Scanláin, agus bhí aitheantas air mar seanchaí. Fear deisbhéalach Gaelach ab ea é, a thug an bua leis ón a shinsear, rud a raibh ard-mheas ag na seandaoine air. Mheall sé scoláirí na teanga ó Ollscoil Chorcaí agus áiteanna eile chun triall a thabhairt air go minic sna laethanta sin.

ag buala le maetaran
Ag Buala Le Uachtarán Mary McAleese
San Austráil

Níor thuigeas i gceart go dtí le déanaí, an cruachás ina raibh na ceantair Gaeltachta go léir an uair sin - pobail beaga iargúltacha, na daoine óga ag imeacht, agus brú morálta orthu ó dhíograiseoirí na tíre chun cloí leis an dteanga. Ní raibh mórán tacaíochta phraiticiúil le fáil ós na húdaráis ag an am, i gcomparáid leis an méid atá le fáil anois, chun an fhód a seasamh i gcoinne fórsaí an Ghalldachais.

Admhítear anois áfach, gurb é an ceol traidisiúnta agus teanga na Gaolainne araon, bun agus barr dár gcultúr agus go bhfuil siad fós ar na rudaí is tábhachtaí chun ár bhféinmhúinín mar náisiún beag a chosaint.

Is cúis áthais domsa é go bhfuil amhráin nua á chumadh sa Ghaolainn le blianta beaga anuas. In ionad a bheith ag dul i meáth, is amhlaidh go bhfuil an Ghaolainn ag teacht thar n-ais in áiteanna agus, go deimhin, ag éirí 'i bhfaisean'. bàr 

Eisimirce

Mary Robinson
Ag Buala Le Uachtarán
Mary Robinson
San Astrāil

Sna 'seachtódaí, tar éis dom an scoil a fhágaint, ní raibh puinn sa bhaile chun slí bheatha a dhéanamh agus ar nós a lán daoine óga an uair sin, bhí orm slán a fhágaint lem' áit dúchais. Tar éis an áirithe sin ama a chaitheamh ag obair anseo is ansúd, d'ardaíos mo sheolta agus bhogas liom sall go Londain Shasana, go díom'deartharacha. Is i Londain, tamaillín ina dhiadh sin, a bhuaileas le mo bhean chéile, Máire, agus is annsan a phósamar.

Tar éis an áirithe sin blianta a chaitheamh i Londain tháinig fonn taistil orainn arís, ach an babhta seo bhriseamar slabhra na himirce agus dhíríomar ár dtríall ar an Astráil. Shroiceamar ár dtír nua i 1981 nuair nach raibh Pól, an chéad mhac s'againne, ach cúig mhí d'aois. Cé go rabhamar ar leath-tharrac ar feadh tamaillín, mar is gnáth le imirceoirí, ní fada go dtiteamar isteach lenár dtír nua agus a cultúr. Is anseo saoilíodh an dara mhac, Seán, i 1989. bàr  

le seamus o beaglai
Le Seamus Ò Beaglai Da Daingean

 Oidhreacht á Roinnt

Tá rian daingean na hÉireann fágtha i gceol traidisiúnta na hAstráile, cé go bhfuil sean-cheol na tíre seo agus na sean-amhráin, ar an imeall sa lá atá inniu ann. Is trua é sin mar is ós na hamhráin sin a fuaireas mo chuid eolais ar stair agus ar seanchas na tíre seo, ar shaol na gceannródaithe agus ar scéal brónach na mBundhúchasach. Thaitiníodar liom ón gcéad lá a chuala iad agus is dócha gurb é sin a spreag mé ar dtús agus a choimeádann suim amhráin agus stair na hAstráile im' aigne fós. bàr  

Filleadh ar an nGaolainn

Ní fada a bhíos im' chónaí in Epping, bruachbhaile Mhelbourne, go bhfuaireas deis chun fhilleadh ar mo theanga dílis féin, rud a bhí de dhíth orm. Bhí stáisiún raidió nua ilchultúrach bunaithe i Melbourne le bliain nó dhó agus tugadh cuireadh domsa mar chainteoir dhúchais chun a bheith páirteach i ngrúpa na Gaolainne. Ó bheith ag craoladh do Ghaelgeoirí na hAstráile uair amháin gach coicís ní fada go rabhamar ag bailiú le chéile oiche amháin sa tseachtain agus bhí an slua ag dul i méid ó mhí go mí. Toisc an méid sin daoine nua a bhí ag teacht le fonn fhoghlamtha, b'éigin dúinn Cumann Gaeilge na hAstráile a bhunú. Chuireamar ranganna Gaolainne ar siúl gach seachtain agus scoil samhraidh in aghaidh na bliana (Daonscoil Victoria mar a tugtar air). Bíonn suas le 45 daoine ag freastail ar na ranganna i rith na bliana anois agus níos mó ná sin ag an Daonscoil. Tagann siad ó na Stáit eile comh maith le Victoria. Sé an fhadhb is mó atá againn anois ná easpa daoine le líofacht Gaolainne chun cabhrú leis an obair. bàr  

Amhráin

Is i nGaolainn atá formhór na n-amhrán sa dlúthdhíosca seo agamsa, Téanam Ort!, mar b'in í mo theanga nádúra ó bhíos ag fás suas. Níor chleacht mé an t-amhránaíocht go foirmiúl riamh. Phiocas suas an stíl sin, an stíl is ansa do mhuintir Chorca Dhuibhne fós, ó bheith ag éisteacht leis na seandaoine, an sean-nós a tugtar air. D'fhéadfá 'sean-nós' a thabhairt ar aon rud ón sean-aimsireacht is dócha, ach ó thaobh na hamhránaíochta de cíallaíonn sé i bhfad níos mó ná sin don té a chuireann spéis i gcultúr na hÉireann. bàr  

Ag Dul Abhaile

aunt caitlin and sean
               Ma mhac Seán le ma aintín Caitlín sa daingean.

Chuireamar chun bóthair, mé féin, Máire agus Seán, i dtosach Mí Meitheamh agus chuamar go dtí Los Angeles ar dtús. D'fhanamar ann thar oíche amháin chun stracfhéachaint a thabhairt ar an gcathair agus an oíche ina dhiaidh sin bhíomar i mBoston. Chuireamar fúinn sa chathair sin ar feadh seachtaine le mo dheartháir Aindrias agus thugamar camchúairt ar an gcathair sin agus ar Nua Eabhrac ina theannta.

Ar aghaidh linn arís ansin, soir go dtí aerfort na Sionnaine agus bhíomar slán ar thalamh na hÉireann faoi dheireadh. Is ar éigean go raibh an t-eitleán ina stad nuair a bhí slua mór Scanlánach agus a gcáirde bailithe timpeall orainn, iad go léir feistithe i T-léintí Téanam Ort!. Annsan tháinig foireann cheamara ó TG4 chun na himeachtaí a thaifeadadh i gcomhair cláir speisialta agus bhí ceolchoirm beag 'gan ullmhú' againn ar an spota i lár an aerfoirt.

mossie liam o maonlai shane howard
Mé Féin, Liam Ó Maonlai agus
 Shane Howard i Melbourne.

Fuaireas cuireadh go dtí pósadh mo dheirféar thiar i gCiarraí i dtosach na bliana 2003. Timpeall an ama sin thosnaigh na dea-scéalta ag teacht chugam ó Éireann mar gheall ar an éileamh a bhí ar Téanam Ort! Dá bhrí sin shocraíomar ar thuras sé seachtaine a thabhairt ar ais go hÉireann don chéad uair le hocht mbliana déag. Agus cad é mar thuras a bhí againn!

Scuabadh amach sinn annsan ar bhus speisialta go dtí Caisleán Bhun Raite chun an bhricfeasta. Tar éis ár ndóthain á ithe luíos féin agus foireann TG4 le chéile isteach chun roinnt amhrán a thaifeadadh i gcomhair an chláir 'Abair Amhrán'. Tar éis na 'hoibre' sin a bhfuaireamar an chéad seans chun smut cainte a bheith agam lem' chlann go léir agus gan dabht, chun cúpla deoch a ól i gcuideachta a chéile. Bhí sé déanach go leor um thráthnóna nuair a shroicheamar An Daingean agus tigh mo dheirféar Cáitlín Márie, ach ní fhéadfainn gan dul beagáinín níos faide go dtí mo shean bhaile bheag, Baile an Lochaigh. Ba iontach ar fad é Cnoc Bhreandáin a fheiscint arís tar éis ocht mbliana déag i gcéin, agus na páirceanna beaga, na bóithríní cúng agus an sráidbhaile féin, neadaithe ar a bhun.

I rith na seachtainí ina dhiaidh sin bhíos ag imeacht mar a bheadh sí ghaoithe ar fud Chúigí Mumhan agus Chonnachta. Chanas cúpla amhrán ón ardán i gCeolchoirm an 'Willie Clancy Summer School' agus bhí 'seisiún' thar barr againn an oíche ina dhiaidh sin. Annsan chuamar ó thuaidh go dtí an nGaillimh mar bhí seoladh CD le déanamh agam sa Thaibhdhearc na Gaillimhe. Bíos an-bhróidiúil as mar ba é mo shean chara Maidhc Dainín Ó Sé a bhí agam mar Fear a' Tí. Bhí Séamas Ó Scannláin ó Ollscoil na Gaillimhe,mo ghaol ghairid, agus Pádraig Ó hÉalaí, mac don chéad múinteoir a bhí riabh agam, mar aoíchainteoirí ann.

An chéad lá eile dhíríomar soir ó dheas go dtí An Rinn i gContae Phortláirge agus Tigh Uí Mhaonaigh ann. Tháinig Ann Mulqueen, amhránaí clúiteach na nDéise, chun an dlúthdhiosca a sheoladh dom agus chanamar cúpla amhráin le chéile. Bhí an Dr Louis de Paor i láthair mar aoíchainteoir agus ba ró-dheas é bualadh le Louis arís tar éis na blianta a chaitheamar le chéile i Melbourne.

Ar ais go dtí An Daingean linn annsan, ach ní raibh am agam chun mo anál a tharraingt fós. Bhí lá iontach againn ag an bpósadh agus chuireamar an lánúin nua-phósta chun bhealaigh faoi mar ba chóir. Bhí roinnt 'gigeanna' eagraithe dom sa Daingean agus in áiteanna eile sa ceantar, Ionad an Bhlascaod, Tigh Kruger, agus go leor eile, gan trácht ar na 'seisiúin' a bhí againn istoíche. Chomh maith le sin tugadh cuireadh dom bhualadh isteach go dtí Raidió na Gaeltachta agus Raidió Chiarraí mar aoí speisialta.

filming

Le T. NA G. i. G.Caislean Bhun Raite

Ach bhí an t-am ag sleamhnú thart go tapaidh agus annsan ní raibh ach oíche mór amháin fágtha, an seoladh deireanach don dhlúthdhiosca i dTigh Uí Scanláin, an tigh ósta nua i mBaile an Lochaigh a thógadh ag mo dheartháir Colm bliain ó shin. Bhí mo chol ceatharair Dónal Ó Síthigh ina Fhear a' Tí an oíche úd agus dhein sé sár-jab de. Bhí na comharsana go léir ann agus tháinig muintir Uí Bheaglaoich agus Lena Ní Shé mar aoí-amhránaithe. Bhí oíche go maidin againn.

Tá sé deacair a chur in iúl an t-áthas croí a bhí orm a bheith i measc mo dhaoine féin arís, ag labhairt na Gaolainne leo in ár gcanúint féin, ag taisteal boithríní m'óige arís agus ag bualadh le sean cháirde nár bhfaca mé ó bhíomar ar scoil. Ní fhéadfainn na daoine go léir a bhí chomh flaithiúil dúinn a áireamh anseo; bheadh rollaí na pharóiste le liostáil agam beagnach, ach caithfidh mé beirt acu a lua as ucht a gcabhair agus a gcáirdeas domsa. Siad san Jaic na Gráige ó Raidió na Gaeltachta, a thug cúnamh thar na bearta dom, agus Séamas Begley nach raibh fadhb ar bith nár bhféidir leis í a réiteach dom. Chuir an bheirt sin faoina gcomaoin mé ón lá a shroicheas an baile. Sin muintir na Gaeltachta duit, níl an bua orthu!

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas speisialta a gabháil dom' chlann féin as ucht a flaithiúlacht, go mórmhór do Ann Marie atá tar éis sár-obair a dhéanamh ar mo shon ó seoladh Téanam Ort! an chéad lá in Éirinn, agus Caitlín Máire atá comh fial flaithiúil. bàr  

Go bhfága Dia againn iad go léir.

Muiris Ó Scanláin