Cam a Lochaigh
Muiris O Scanlain

HomeGalleryemail Mossie

Mossie's storyDescription of an sean nos
Recordings by Mossie
links


Mossie's Facebook page

 

 

Mossie's biography

 

Léirmheas Tomás de Bhaldraithe
An Mám ó Dheas le Muiris Mossie Ó Scanláin

Faoi scáth Chnoc ársa  Bhréanainn a rugadh agus a tógadh Muiris “ Mossie” Ó Scanláin agus is cuid den sliabhraon céanna é Com an Lochaigh áit a chuirfeadh duine faoi dhraíocht agus faoi gheasa lena áilleacht lá breá grianmhar agus a mhalairt ar fad lá fliuch gaofar i gceantar stairiúil Chorca Dhuibhne. Tá cáil idirnáisiúnta ar an dornán dírbheathaisnéis atá ar fáil againn i nGaeilge, ina measc  “Fiche Blian ag Fás” le Muiris Ó Súilleabháin, “An tOileánach” agus “Allagar na hInise” le Tomás Ó Criomhthainn, agus “Machnamh Seana-Mhná” le Peig Sayers a d’eascair ón  mBlascaod agus dúiche Chorca Dhuibhne máguaird. Ach cés moite de “Dhialann Deoraí” ó pheann Dhónaill Mhic Amhlaigh agus “Rotha Mór an tSaoil”  le Micí Mac Gabhann is beag dírbheathaisnéis atá againn ó pheann an deoraí i nGaeilge. Tá cur síos macánta ag Dónall Mac Amhlaigh ar shaol na mílte Éireannach i Sasana: na fir ag tochailt trinsí agus ag navyáil,ag tochailt tollán le piocóid agus spáid agus ag obair ar an “mbeet” agus na mná ag obair i monarchain, mar chailíní aimsire, mar bhanaltraí ag stracadh leo ó bhliain go bliain agus an fánaíocht  shíoraí a bhi i ndán do na mílte Éireannach an tráth sin den chéad seo caite. Tá cuntas Mhic Gabhann ó  Chloch Chionnaola i dTír Chonaill go hAlbain mar spailpín agus ansin go Meiriceá agus Montana agus a shaol le linn an “goldrush” i Klondyke agus an Yukon agus ar  ais aris go Tir Chonaill fíorspéisiúil ar fad agus mholfainn dhaoibh iad a léamh nó na leagancha i mBéarla atá aistrithe ag Valentin Iremonger “The Hard Road to Klondyke” agus “ An Irish Navvy”.
Ach anois tá seod de leabhar tagtha chugainn ó pheann Mhuiris Mossie Ó Scanláin agus ní ag bréag ná  magadh atá mé ach chinn sé orm an leabhar a leagan uaim ó thús deireadh. I dtús báire tá cur síos ar theach a mhuintire agus ar an ngabháltas talún i mBaile an Lochaigh agus na bailte fearainn i bparóiste Múrach, na goirt agus na logainmneacha uilig agus is léir ón tús go bhfuil cion daingean ag Muiris ar a bhaile dhúchais. Trína shúile féin mar naíonán a insíonn Muiris dúinn na heachtraí éagsúla a thiteann amach agus é ina leanbh óg agus éiríonn go geal leis an gcleas sin ach go háirithe mar go gcuireann an leitheoir aithne pearsanta ar Mhuiris agus e ag insint a sceal fein. Tabhair faoi deara freisin go scríobhann Muiris ina chanúint féin, canúint Bhaile an Lochaigh agus sníomhtar tuairisc dhaonna ar na gnéithe uilig a bhain lena óige, lena scolaíocht, lena mhuintir agus na comharsain. Tá cur síos ar na h-oícheanta breá ceoil i dtigh Johnny Frank agus ti’ Bheaglaoigh agus an tsuim a mhúscail siad i Muiris san amhránaíocht.Tá trácht ar na fadhbanna a bhí aige mar scoláire sa “Tech”go dtí gur tháinig lá na cinniúna nuair a ghabh sé an Mám Ó Dheas agus thug a aghaidh ar Haulbowline mar mhairnéalach sa chabhlach, an chéad choismeig ar a aistear go B’leá Cliath ansin thar muir go Londain agus faoi dheireadh thiar thall go Melbourne na hAstráile san áit a bhfuil cónaí anois air i dteannta a bhean chéile Marie agus beirt mhac, Pól agus Seán. Tá cur síos foirfe ar eachtraí éagsúla a bhain de agus é i Londain ag lorg oibre agus an ghreann is an ghruaim fite fuaite trína chéile ag trácht ar a shaol thall i Kilburn, Camden Town agus oicheanta sa Ghaltymore i measc na nÉireannach as chuile cheard den tír. Tuigimse a scéal mar chaitheas féin tréimhí thall ag obair i Londain, fadó an lá
         Faoi dheireadh thiar tar éis dó féin agus Marie pósadh thall i Londain agus leanbh óg ar an saol faoi seo thugadar a n-aghaidh ar Perth in iarthar na hAstráile agus chaith seal ag obair amuigh faoin tír le Alcoa agus Western Mining faoi theas damanta ach i ndeireadh na dála bhogadar trasna an Nullarbor go dtí gur chuireadar fúthu i Melbourne. Ó am go chéile tríd an leabhar déanann Muiris machnamh ar  bhuaicphointí an tsaoil agus nochtann sé a dhearcadh pearsanta go lom nocht ar na céimeanna tábhachtacha ina shaol féin agus é ar an aistear ón Mám Ó Dheas go dtí a shaol san Astráil agus i Melbourne ach go háirithe. Tugann sé le fios dúinn go bhfuil ardmheas aige orthu siúd a spreag é chun a chuid amhránaíocht sean-nóis a thaifeadadh go buan agus ceann scríbe a bhaint amach i saol cultúrtha na hAstráile. Is cuimhin liom go maith a bheith sáinnithe sa trácht i lár Sydney lá fíormheirbh agus mé ag éisteacht le Mossie agus é ag casadh “Beir Beannacht ó Rí na hAoine”agus “The Banks of the Condamine” i n-éineacht le Marcia Howard agus bhíos ar neamh sna spéartha i bhfad ó anachain agus strus na cathrach.
      Is léir don léitheoir go ndeacha daoine áirithe i Melbourne i bhfeidhm go mór ar Mhuiris agus cuireann sé seo in iúl go beacht. Tá siad uilig luaite aige sa leabhar agus ní luafaidh mise iad ar fhaitíos go bhfágfainn éinne ar lár.
Insint bhríomhar cuimsitheach agus barúil scaití atá ag Muiris ar an saol i Melbourne agus an bhaint a bhí aige i mbunú Chumann Gaeilge na hAstráile agus an sárobair atá déanta acu ó shoin i leith ag na daoine breátha atá páirteach san eagraíocht go dtí an lá atá inniu ann. Ar ndóigh tá cáil ar leith bainte amach ag Muiris san amhranaíocht agus trí dhlúthdhiosca eisithe aige go dtí seo. Tá éacht déanta agat a Mhuiris sa leabhar seo agus tabharfaidh sé ardú meanman agus gliondar croí don té a léifidh é. Fad saoil agat agus ná laga Dia thú a chomrádaí. Mholfainn go hard an leabhar seo a léamh agus tá moladh faoi leith ag dul don Athair Padraig Ó Fiannachta a chloígh go dílis le caint agus litriú Mhuiris i gcanúint a cheantair féin agus sa chás seo bíodh an diabhal ag an gcaighdean!!