Cam a Lochaigh
Muiris O Scanlain

HomeGalleryemail Mossie

Mossie's storyDescription of an sean nos
Recordings by Mossie
links


Mossie's Facebook page

 

 

Mossie's biography

 

Seo mar a labhair Domhnall Mac Síthigh i Díseart an Daingin agus é ag seoladh an leabhair, ‘An Mám ó Dheas,’ le Muiris Mossie Ó Scanláin ar an Aoine 27ú Samhain 2009.

A dhaoine uaisle, a chairde Gael, a dhaoine muinteartha agus a chléir fáiltím rómhaibh anseo anocht sa Díseart go dtí saolú agus seoladh an leabhair, ‘An Mám ó Dheas,’ le Muiris Mossie Ó Scanláin.
Saolaíodh agus tógadh Muiris Ó Scanláin i mBaile an Lochaigh agus é préamhaithe go láidir sa bhaile sin leis na cianta ó threachchas na Scanlánach ar thaobh amháin agus ó threabhchas na Muircheartach ar an dtaobh eile. Blianta móra fada ó shin bhí trí theaghlach nó bfhéidir cheithre theaghlach Scanlánach ar an mbaile. Bhí mac, oidhre na talún agus na muintire i dteaghlach acu san a bheartaigh dul thar lear ar feadh cúpla bliain chun airgead a thuilleamh. D’imigh sé leis agus d’imigh an dá bhliain agus ní raibh sé ag teacht abhaile. Bhí an t-athair is an mháthair agus iníon dóibh sa tigh. Ansan bhí fear óg, Muircheartach ó Bhaile na hAbha i bParóiste Múrach ag teacht ar aimsir chuchu. Paid an Táiliúra a thugtaí air. Bhíodh a cheann in airde gach aon lá ag an t-athair féachaint an raibh a mhac ag teacht ach ní raibh tásc ná tuairisc ar siúd. Bhí an mháthair ana cheanúil ar Pheaid an Táiliúra agus é siúd ag tarrac go deas síochánta le muintir an tí agus é ag déanamh na hoibre go slachtmhar ina theannta san. Gan amhras bhíodh súil á chaitheamh aige ar chailín óg an tí. Fós bhí fear an tí ana dhóchasach go dtiocfadh an mac abhaile agus níorbh fhéidir é sin a chur as a cheann cé go ndeireadh an mháthair go raibh sé imithe ró fhada agus ná tiocfadh sé. Ansan aon lá amháin nuair a bhíodar go léir bailithe le chéile istigh sa tigh suite chun boird ag ithe dínnéir sheas an mháthair i lár an tí agus labhair sí. ‘Tóg isteach an Muircheartach,’ ar sise. Ghéill an t-athair agus b’shin mar a bhí. Phós Peaid an Táiliúra agus an Scanlánach mná, mhaireadar go léir go deas seascair i bhfochair a chéile agus thógadar clann. B’shin mar a bhí agus sin mar atá gach aon ghlúin riamh ó shin fiú anuas go dtín lá atá inniu tá Muircheartaigh agus Scannlánaigh ag pósadh agus ag ceangal isteach ina chéile. B’shin mar a tharla sé leis go raibh Bríd Pheats Phaid agus Tom Ó Scanláin mar thuismitheoirí ag Muiris agus go bhfuair sé a ainm óna shínseanathair Muiris Mháire Léan a bhí pósta le Muircheartach mná chomh maith[nod ginealaigh ó Aindriú Ó Scanláin]. Ina theannta san tá a shinsear go léir leis na glúinte siar luite go ciúin i reilig Chill Chúáin agus seo mar a deir an file sa chéad véarsa in ‘Achainí an Deoraí,

Tráth chloífidh bás mé, sín mo chnámha
Fé leirg ardchnoic Bhréanainn
I reilig álainn Chill Chuáin
I ndáil an tsinsir léannta.

Baile fearainn ana mhór ar fad is ea Baile an Lochaigh agus d’fhéadfadh sé a bheith ar an mbaile fearainn is mó taobh thiar do Dhaingean mar deireadh na seandaoine go raibh sé chomh fairsing le Paróiste an Fheirtéaraigh sa chruinne. Sin é mar a bhí sé tomhaiste acu agus bhí an fhairsinge ann isteach ar fad sa Chom agus suas in airde ar shleasa na gcnoc go dtí Cnoc Bréanainn agus in airde ansan arís ar an dtaobh eile go dtí Com na Cailí agus as san suas go dtí barra an Ghéaráin. Léiríonn údar an leabhair seo, ‘An Mám ó Dheas,’ fairsinge na háite go soiléir dúinn trína scileanna scríobhnóireachta  mar go dtugann sé ar thurasanna sinn isteach sa Chom ag baint móna, suas sna cnoic ag bailiú chaorach, ag cnuasach phrátaí i nGort na Steipe, ag baint choirce i nGort an Chlocháin, ag bheaisteáil agus ag pléascadh charraigeacha sa Trasnaigh. Dream mór cnoic, caorach agus móna ab ea muintir Bhaile an Lochaigh riamh agus i bhfad siar ní raibh éinne acu ró thugtha don bhfarraige mar bhíodar tamall uaidh. Bhí a ndóthain acu mhaireadar á cheal.
Seo eachtra seanchais a fuaireas ó Aindriú Ó Scannláim, nuair a thosnaigh iascach mór na maircréal timpeall le céad agus tríocha blian ó shin chuir san muintir Bhaile an Lochaigh ag cuimhneamh. Chonaiceadar go raibh airgead le déanamh agus ní raibh aon chnámh díomhaoin ina gcorp. Tháinig seisear acu le chéile, chuireadar dhá naomhóg á ndéanamh agus nuair a bhíodar san críochnaithe déanta cheannaíodar líonta. Chuireadar na naomhóga ar stáitse sa Chuas. Nuair a thosnaigh iascach maircréal ar dtúis b’iad na daoine ba mhó a bhain tairbhe as ná na daoine a mhair in aice na gcallaithe cosúil leis an gCuas, Coimín. Baile na nGall, Rínneach, Béal Bán agus mar sin do. B’iad san an dream a bhíodh riamh ag broic leis an bhfarraige ar aon chuma. Mheasadar san gur leothu féin na farraigí agus ná raibh aon chléim ag dream cnoic agus caorach isteach fén bparóiste ar an bhfarraige. Mhéadaigh ar a ngreim agus ar a sealbhas nuair a thosnaíodar ag bailiú an óir ar an bhfarraige. Ar aon chuma ghaibh muintir Bhaile an Lochaigh an Cuas amach tráthnóna breá fomhair le faobhar lae is oíche. Bhí líonta agus treallamh ar bord acu agus iad go maith feistithe. Ghaibheadar béal an Chuasa amach agus chasadar siar taobh Bhaile Uí Churráin. Bhí cleas an Chuasa thiar rompu iad ag fanacht leothu agus iad ullamh dóibh. Thosnaigh dhá naomhóig Bhaile an Lochaigh ag lorg paiste chun na líonta a chur agus ní rabhadar ach díreach beartaithe ar iad a chur nuair a thosnaigh cleas an Chuasa ag crústadh chlocha orthu. Gan aon choinne in aonchor acu leis cuireadh farraige agus cioth cloch os a gcionn in airde agus ar gach aon taobh dóibh. Ghéilleadar láithreach agus d’éiríodar as mar ní raibh aon chosaint acu ar an ionsaí seo amuigh i lár na farraige. Thairigíodar isteach pé feagha lín a bhí curtha acu. Ansan chun iad a chrádh ar fad nár ghlaoigh cleas an Chuasa muintir an Mhullaigh orthu. Anois sin é an masla, an tarcaisne agus an t-asachán is mó agus is measa a d’fhéadfá a chaitheamh le éinne ó Bhaile an Lochaigh. Tá Mullach Bhéal istigh ar fad i lúib cnoic thíos sa Leitriúch agus tá sé ar theorainn Bhaile an Lochaigh. Bhíodh caidreamh i gcónaí idir an dá bhaile mar aon dream amháin a b’ea iad, cleas caorach. Ach is mór idir an dá bhaile sin, ní hionann in aonchor iad. Tá Mullach Bhéal teanntaithe timpeallaithe ag cnoic, locha, portaithe, corraigh agus uisce. Tá sé na mílte ón bhfarraige agus gan fiú aon radharc ar an bhfarraige. Ní thiteann aon bháisteach ann ach tagann sé ina dhíle agus ina thuiltíocha anuas de shleasa na gcnoc, amach as na locha agus aníos as an dtalamh ina steanncáin mhóra arda uisce. Ní shéideann aon ghaoth ann ach tagann sí ina camfheoithní agus ina cóchanna diamhaire ná feadaraís ó thalamh Dé an domhain cad as atá sí ag teacht. Ná chaití cairteacha na gcapall a cheangal ann ar eagla gaoithe. Mar bharr ar an ndonas, ar an bhfiantas agus ar an scéirdiúlacht ní shoilsíonn aon ghaith gréine ann ó Lá le Michíl go dtí Lá le Pádraig. Níorbh aon iontas é gur thréigh na daoine é. Anois muintir Bhaile an Lochaigh a chur i gcomparáid le muintir an Mhullaigh bheifeá ag súil le achrann, bruíonta agus cathanna fuilteacha. Tháinig criú an dá naomhóig abhaile agus iad cráite ciapaithe dóite. Bhí sé ina liútar léatar ar an mbaile, airgead caite le naomhóga agus le treallamh iascaigh agus gan faic in aonchor dá bharra ach go loghaidís ar na stáitsí i gcalladh an Chuasa. Ansan an t-asachán! Ní bheadh aon teacht as san go deo. Tosnaíodh ag bailiú chlocha. Dúirt na seandaoine go leanódh achrann go deo an tarcaisne. ‘Pé áit a bheidh fear Bhaile an Lochaigh,’ adúradar, ‘ar aonach an Daingin, ar Ráiseanna an Daingin nú ar phóstaíocha thiar ar an mBuailtín beidh an chloch sa mhuirthilte aige i gcónaí go dtí cleas an Chuasa.’ ‘Caithfear é seo a réiteach cruaidh tapaidh,’ a dúradar ‘pé le doirne, le maidí nú le clocha é.’ Pé scéal ag daoine eile é ach níorbh aon dream riamh iad ná ní hea fós muintir Bhaile an Lochaigh chun aon droch aigne a bheith acu i gcoinne éinne ach teacht glan amach leis ar an bpoinnte agus a bheith críochnaithe leis mar chúram. Ar aon chuma chaith an dá chriú cúpla lá sa bhaile agus ansan bheartaíodar ar thabhairt fé amach arís. An Cuas amach leothu agus taobh Bhaile Uí Churráin siar ach bhí na naomhóga, na clocha agus cleas an fhill thiar rompu mar bhí rud éigin braite acu. Tosnaíodh ag crústadh arís ach má deineadh bhí fearaibh Bhaile an Lochaigh ullamh dóibh an babhta seo mar thugadar leothu taoscán maith cloch sna naomhóga. D’éiríodar ina seasamh istigh sna naomhóga, fearaibh mhóra láidre gan scáth gan eagla agus chrústáladar tharnais iad sa tslí is gur bhaineadar glór as an bhfarrage, as mhaidí rámha, as dhollaí, as ghunailí agus as chnámha dhaoine. Nuair a bhí deireadh na gcloch crústaithe tháinig sámhnas ar na hiascairí. Chuir muintir Bhaile an Lochaigh na líonta, thairigíodar iad agus bhí ualach éisc acu. Leanadar orthu ag iascach agus tá siad ag iascach riamh ó shin. Níor choimeádadar an chloch sa mhuirthilte riamh go dtí cleas an Chuasa mar dheineadar cleamhnaistí, phósadar agus cheangalaíodar isteach ina chéile. Níor choimeád Muiris Ó Scanláin leis an chloch sa mhuirthilte go dtí éinne mar tá sé ar fad scaoilte amach ar an mbán aige sa leabhar seo.
Is mar seo a dheineann an t-eagarthóir PádraigÓ Fiannachta cur síos ar a scileanna scríobhnóireachta sna leathanaigh brollaigh, ‘faighimíd ana thuiscint ar aigne an linbh sa leabhar seo agus é ag cur aithne ar an saol ina thimpeall. Tá an ghné sin den leabhar ar fheabhas ar fad. Is dóigh liom go sáraíonn sé aon chumas dá leithéid a léas riamh in aon teanga. Tá ar a chumas samhlaíocht agus smaointe an linbh ag lamhancán timpeall, ansin ag seasamh ar a dhá chois deiridh agus ag dul an doras amach agus ag bualadh leis na cearca, na géanna agus an gandal, na huain, á gcur os ár gcomhair le húire samhlaíochta agus meafar. Tá cleas aige smaointe an linbh a chur in iúl amhail is dá mbeadh sé ag caint leis féin. Leanann sé leis an nós sin tríd an leabhar síos.’
Ba dhóigh leat sa leabhar seo ar uairibh go raibh an t-údar  ag caint leat féin amháin istigh sa tigh tábhairne, ar thaobh sráide, thuas istigh i gCom an Lochaigh nú i Melbourne na hAstráile. Ansan amantaí eile ba dhóigh leat go raibh sé in airde ar stáitse nú ar radio ag caint leis an saol mór. Ansan arís imíonn sé leis go ciúin isteach ina chomhluadar féinigh agus labhrann sé leis féin. Úsáideann sé na cleasanna seo go sár éifeachtach chun a phointe a chur trasna agus é féin a chur in iúl go héifeachtach. Faigheann sé greim ar an léitheoir, beireann sé ar láimh air agus seolann sé leis é trína leathanaigh. Uaireanta ní bhraithimíd go bhfuilimíd ag léamh leabhair ach go bhfuil an t-údar taobh linn ag caint linn agus ag eachtraí dúinn ar a shaol. Tá mothúcháin láidre agus cuimhní soiléire aige ar a óige i mBaile an Lochaigh, an crústáil a fuair sé sa bhunscoil agus i gCeardsoil an Daingin agus na laethanta iontacha a bhí aige le Liam an Chúinne.
Cuireann an t-údar in iúl dúinn gur beag a fhoghluim sé trína chuid scolaíochta mar níor tugadh chun cinn ann na buanna a bhí folaithe istigh ann. Nochtann sé na buanna dúchasacha sin dúinn i dtosach an leabhair mar go léiríonn sé dúinn an spéis a bhí aige sna hamhráin, sa stáitseoireacht, san aisteoireacht, sa drámaíocht, sa chaint agus sna scéalta. Tugann sé ardmholadh dona uncailí Tony agus Páid, dá aintín Caitlín a mhaireann fós is í cheithre bliana déag agus cheithre fichid, bail ó Dhia uirthi, dá thuismitheoirí Tom agus Bridie, dosna amhránaithe Chlib Mharas Sheán, Tom Néill, Máigín Néill agus Tom Hutch as an léann dúchasach a chothú ann. Tugann sé ardmholadh chomh maith do Chabhlach na hÉireann inar chaith sé dhá bhliain dá shaol. Is ins sa chablach  in Inis Sionnach i gContae Chorcaí a gheibheann sé an chéad fhuascailt scolaíochta ina shaol go dtí san mar cothaíodh misneach agus féinmhinín ann agus dúradh leis go raibh sé chomh maith le gach éinne eile. Le linn do a bheith sa chabhlach a d’fhoghluim sé Béarla. Mhúin sé féin Béarla do fhéin mar léigh sé leabhair Walter Macken ar fad. Cé gur thaithn an cabhlach go mór leis d’fhág sé é taréis tréimhse dhá bhliana. Ag an bpoinnte sin stopas ag léamh mar thosnaíos ag ceistiú. Canathaobh gur fhág sé post buan seasmhach a thaithn go mór leis? Cúrsaí polaitíochta bfhéidir! ‘Sé’n fáth is mó gur fhág sé a cheapaimse ná gur ealaíontóir go smior é Muiris Ó Scanláin. Ní raibh saol cosantach buan i ndán don bhfear seo ná é ag teastáil uaidh. Bhí saoirse agus neamhspleáchas uaidh fiú i nganfhios do féin. Dá bhfanfadh sé sa chabhlach d’éireodh go maith leis. Bfhéidir go bhfaighimís dlúthdhiosca uaidh ach níl ansan ach bfhéidir. Is cinnte ná beadh an dírbheathnaiséis seo againn agus nach fearr é seo ná a bheith i d’aimiréal ar an gcabhlach.
Sé an chuid is treise don leabhar seo ná a mhothúcháin maidir leis an imirce, an deoraíocht i bhfad ó bhaile san Astráil, an t-uaigneas agus bás na ndaoine ab ansa leis. Impíonn a mháthair air gan dul ar imirce go dtín Astráil mar tuigeann sí ná cífidh sí go deo arís é agus ní chíonn leis. Tharla comhthárlúintí aisteacha dho maidir leis an mbás agus léiríonn sé é sin dúinn ina scríbhinní gur duine spioraideálta creidmheach é. Is léir go raibh uaigneas an domhain air i bhfad ó bhaile i dtír iasachta agus mhothaigh sé easpa mór ina chroí agus ina anam ceal an teanga Gaelainne agus an cultúr Gaelach agus is dá bharr san a bhunaigh sé Cumann Gaelach san Astráil. Tugann sé sár chuntus ar an mbás agus ar an uaigneas a thugann deora go dtí súile an léitheora.
Ta teideal an leabhair, ‘An Mám ó Dheas,’ thar a bheith oiriúnach don dírbheathanéis seo maidir leis an údar a d’fhág an baile in aois a sé bliana déag. Tá mórán mámanna taobh thiar do Dhaingean, Mám an Lochaigh, Mám Bhaile na n-Áth, Mám an Óraigh, Mám na Gaoithe, Mám Chlasach, Mám na Leacan, Mám Chaitlíona, Mám na Ceathrún agus Mám na Móna. Is poinntí tábhachtacha i dtíreolas na háite gach aon mhám acu seo do’n imirceach atá ag dul ar imirce fiú isteach an Daingean agus thar Daingean soir go dtí aon áit in Éirinn nú ar fuaid an domhain. Dúthaigh caol cúng teanntaithe fáiscithe atá taobh thiar do gach mám acu seo ach nuair a fhágann an imirceach na paróistí beaga san tuigeann sé go bhfuil saibhreas, oidhreacht agus fairsinge mór teangan, cultúir agus daoine fágtha ina dhiaidh aige. Má thugann an imirceach an oidhreacht san leis amach as a dhúthaigh fhéin neartóidh sé agus bláthóid sé. Cé gur fhág na mílte an ceantar is beag acu a shanntaigh a n-oidhreacht dúchasach. Bhí dúil mhallaithe ag Muiris Ó Scanláin ina chultúr dúchasach agus soiléiríonn sé é sin go láidir ina dhírbheathaisnéis tríd síos ó chlúdach go clúdach. Is leabhar neamhghnáthach eisceachtúil é seo. Is beag leabhar Gaelainne atá againn ar shaol an imircigh, Is é seo an chéad leabhar againn ó údar a saolaíodh agus a tógadh i mBaile an Lochaigh agus ‘sé an chéad leabhar Gaelainne a tháinig chughainn ón Astráil. Tá Gaelainn Bhaile an Lochaigh tugtha leis go cruinn slachtmhar ag an údar sa leabhar seo agus ana chreidiúint ag dul don eagarthóir Pádraig Ó Fiannachta a dhein sárobair chun an chanúint a chaomhnú agus a thabhairt chun foirfeachta sa tsaothar seo. Tá an leabhar maisithe go healaíonta le léaráidí pinnluaidhe agus pictiúir daite ar an gclúdach ag an ealaíontóir Tomás Ó Cíobháin.
Is duine deamheabhrach cumasach éifeachtúil é Muiris Ó Scanláin, údar an leabhair seo, ‘An Mám ó Dheas,’ Is duine é le mórán buanna, bua an cheoil agus na n-amhrán, bua na cainte agus anois bua na scríobhnóireachta. Tréaslaím a chéad leabhar leis, bail ó Dhia air. Léifidh muintir Pharóiste Múrach go léir an leabhar seo pé áit ar domhan ina bhfuilid agus óir is go léifidh muintir an pharóiste sin é léifidh daoine ar fuaid na hÉireann agus ar fuaid an domhain mhóir é. Táim buíoch díbh a dhaoine uaisle as éisteacht liom agus leis sin fógraímse an leabhar seo, ‘An Mám ó Dheas,’ le Muiris Mossie Ó Scanláin scaoilte séidte seolta.